Seachtain Na Gaeilge

Seachtain Na Gaeilge

Seachtain na Gaeilge 2021

Chuir muintir Cnoc Ainbhil a gcríothe isteach i ‘Seachtain na Gaeilge’ 2021. Cé go raibh cuid againn sa bhaile agus cuid eile ar scoil ag tús na seachtaine, níor chuir sé sin aon mhoill ar ár gcéiliúradh – Ní neart go cur le chéile!

Tháiníg na scoláirí ó na ranganna Montessori ar chruthanna agus dathanna éagsúla a bhí le feicéail timpeall na seomraí ranga roimh dóibh scéal as gaeilge a chloisteáil. D’fhreastal ranganna Preparatory go dtí Rang a Sé ar tionól chuile mhaidin; áit a raibh cluichí cainte á imirt agus rabhlóga, dánta agus amhráin á rá acu. Tá muid faoi láthair ag foghlaim damhsa ‘An Dreoilín’ le chéile – coinnigh súil amach dúinn taobh amuigh!

Ghlac ranganna Preparatory go dtí Rang a Dó páirt i ‘Tráth na gCeist’ (sóisear) agus bhí an spraoi céanna le feicéail i measc Rang a Trí go dtí Rang a Sé ar líne sa ‘Tráth na gCeist’ (sinsear) ar Déardaoin 11ú & Aoine 12ú. Bhreathnaíomar ar fad ar scannán ‘Spongebob’ trí ghaeilge ar an Mháirt 16ú.

Tá togha na gaeilge le cloisteáil ar scoil faoi láthair agus muid an-bhródúil as na scoláirí ar fad. Rinneamar ár ndícheall gaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh le linn ‘Seachtain na Gaeilge 2021’ - Mar a deireann an mana atá acu, ‘Bain triail aisti’!

Seachtain na Gaeilge 2021 – Student Testimonials

‘Feiceann tú gach duine atá ar scoil’ – Caoimhe Collins

‘Is maith liom Seachtain na Gaeilge mar foghlaimaíonn tú rudaí nua’ – Camilla Cross

‘Dia duit! Ba mhaith liom insint duit faoi Seachtain na Gaeilge. Inár dtionóil ar scoil, imrímid ‘fecim le mo shúilín’! Deirimid dánta agus bímid ag damhsa amhráin Éireann. Foghlaimímid focail nua freisin! Is aobhinn liom Seachtain na Gaeilge!’ – Alesha Carr

Related News

Posted February 09, 2024

Posted January 15, 2024

Posted January 09, 2024